Bua ag Gairmscoil Chú Uladh i gCorn Mac an Bhaird

January 28, 2019

Cluiche leathcheannis i gCorn Mac an Bhaird urraithe ag Danske Bank

Gairmscoil Chú Uladh Thir Chonaill 2-14 Coláiste Oiriall Muineachán 5-4
Tá áit bainte amach ina gcéad chluiche ceannais Scoileanna Uladh ag GAIRMSCOIL Chú Uladh ó Bhéal Átha Mhóir sa Ghaeltacht Láir ach b’éigean daofa obair go fíorchrua leis an lámh in uachtar a fháil ar Ghaelscoil eile i nGarbhachadh inniu.
Scóráil Coláiste Oiriall dhá chúl agus cúilín sa chéad chúig nóiméad den chluiche leathcheannais seo agus choinnigh sin i gceannas ar an chluiche iad ar feadh trí cheathrú cuid de.
Seán Mac Cionnaith agus Lúc Mac Giolla Chomhaill a d’aimsigh na cúil luatha sin, ach fuair an Ghairmscoil bealach ar ais le cúl ó Thomás Ó Longa.
Ach go luath ina dhiaidh sin, sa 21ú bomaite fuair scoil Mhuineacháin cúl eile, Leon Mac Cába an t-am seo. Ach thóg Seosamh Shankey–Smith, Kaine agus Odhrán Mac Gloinn cúilín i ndiadh cúilín go dtí nach raibh ach cúilín amháin idir na foirne ag leath ama, 3-2 to 1-7.
D’oscail an bearna sin arís go luath sa dara leath le cúl ó Anann Ó Conchúr. D’fhreagair Kaine Mac Gloinn le cúl do mhuintir na Gaeltachta ach go luath ina dhiaidh sin arís d’aimisigh Leon Mac Cába cúl eile do lucht Oiriall.
Ach arís eile fuair an Ghairmscoil bealach ar ais le tréan oibre ó Shankey-Smith, an dá Mhac Gloinn, Jordan Ó Donaill agus Darren Marley a thug trioblóid do Choláiste Oiriall ó thús deiridh.
Cé gur thug Ógie Ó Dufaigh, Rian Ó Murchú, Luc Mac Giolla Chomhaill agus Leon Mac Cába uilig taispeántas maith, ní thiocfadh le foireann Mhuineachán srian a choinneáil ar na Conallaigh agus is í Gairmscoil Chú Uladh an chéad fhoireann fríd go cluiche ceannais sinsear na bliana.
Beidh an dara cluiche leathcheannais idir De La Salle Downpatrick agus St Mogue’s Bawnboy ag tús na seachtaine seo chugainn.
Gairmscoil Chú Uladh : Kaine Mac Gloinn 1-5, Tomás Ó Longa 1-0, Seosamh Shank-Smith 0-5, Odhrán Mac Gloinn 0-3, Dara McClafferty 0-1.
Coláiste Oiriall : Leon Mac Cába 2-2, Seán Mac Cionnaith 1-1, Luke Mac Giolla Comhaill 1-0, Anann Ó Conchúr 1-0, Darragh Ó hAmaill 0-1.

Danske Bank Ward Cup semi-final

Gairmscoil Chú Uladh Donegal 2-14 Coláiste Oiriall Monaghan 5-4
GAIRMSCOIL Chú Uladh from Béal Átha Mhóir in Donegal’s Gaeltacht Láir have reached their first Ulster Schools’ final and they did it the hard way yesterday in Garvaghey by conceding two goals and a point in the opening five minutes of their Danske Bank Ward Cup semi-final against Coláiste Oiriall from Monaghan.
Seán Mac Cionnaith and Lúc Mac Giolla Chomhaill banged home those early goals, but Gairmscoil Chú Uladh worked themselves back into the game with a goal from Tomás Ó Longa.
The Monaghan outfit however stretched their lead once more with a third goal, from the boot of Leon Mac Cába in the 21st minute. But Seosamh Shankey –Smith, Kaine and Odhrán Mac Gloinn continued to pick off points and the teams were down to a single point gap by the break, 3-2 to 1-7.
That gap opened up again on the re-start with a goal from Anann Ó Conchúr. Kaine Mac Gloinn replied with a second goal for the Donegal side who were then hit with a fifth Monaghan strike from Leon Mac Cába.
Once more they recovered and pushed on with Shankey-Smith, the two Mac Gloinns, Jordan Ó Donaill and Darren Marley all causing Coláiste Oiriall trouble.
Despite fine performances from Ógie Ó Dufaigh, Rian Ó Murchú, Luc Mac Giolla Chomhaill and Leon Mac Cába, the Monaghan side could not hold out and it is Gairmscoil Chú Uladh who reach the first senior final of the season.
The second semi-final between De La Salle Downpatrick and St Mogue’s Bawnboy is set for early next week.
Gairmscoil Chú Uladh : Kaine Mac Gloinn 1-5, Tomás Ó Longa 1-0, Seosamh Shank-Smith 0-5, Odhrán Mac Gloinn 0-3, Dara McClafferty 0-1.
Coláiste Oiriall : Leon Mac Cába 2-2, Seán Mac Cionnaith 1-1, Luke Mac Giolla Comhaill 1-0, Anann Ó Conchúr 1-0, Darragh Ó hAmaill 0-1.